Feasachán mhí Dheireadh Fómhair
Lainseáil Taighde - Coláiste Ollscoile an tSruthán Milis
Bhí muid ar an Sruthán Milis áit ar seoladh taighde nua ar mheasúnú, saothar a bheidh ina áis luachmhar abhcóideachta agus ina fhoinse fianaise agus an Chomhairle ag plé leis an Roinn Oideachais, leis an Údarás Oideachais agus le páirtithe leasmhara eile amach anseo.
Research Launch - Stranmillis University College
We were in Stranmillis to launch new research on assessment, which will serve as a valuable advocacy tool and source of evidence as we engage with the Department of Education, the Education Authority and other stakeholders in the future.
Fóram na bPríomhoidí
Reáchtáladh Fóram na bPríomhoidí, áit ar pléadh cúrsaí measúnaithe agus saincheisteanna eile a bhaineann le forbairt na hearnála. Mar chuid den lá, d'eagraigh taighdeoirí ó Choláiste an tSrutháin Mhilis fócasghrúpaí le príomhoidí chun na bearnaí atá le sonrú san earnáil a fhiosrú.
Irish-medium Principals’ Forum
the Irish-medium Principals' Forum was held, where assessment and other issues related to the development of the sector were discussed. As part of the day, researchers from Stranmillis University College organised focus groups with principals to explore the gaps in the sector.
Léigh go Réidh!
Ar fáil anois:
Sraith d’ocht leabhar atá ar ardleibhéal spéise ach leibhéal níos ísle léitheoireachta.
Tá na leabhair seo dírithe ar dhaltaí ag deireadh EC2 agus ag tús ag EC3 (R4-6 ó dheas) le freastal a dhéanamh ar léitheoirí nach fonn leo bheith ag léamh go hiondúil.
Tá idir leabhair eolais agus scéalta san áireamh sa tsraith seo.
Bhí Lá hEorpach na dTeangacha á cheiliúradh ag Gaelscoil na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh mar chuid de Sheachtain an Domhain Thart Orainn sa scoil.
Tá neart áiseanna agus leabhair eolais trí Ghaeilge cruthaithe, deartha agus curtha i gcló ag an scoil dá gcuid daltaí ar ábhair a bhaineann leis an Domhan Thart Orainn: an Titanic, an Dara Cogadh Domhanda, Blitz Bhéal Feirste, Reilig Chathair Bhéal Feirste, Ceiltigh Bhéal Feirste, agus eile.
Más suim leis an scoil ord a chur isteach, déan teagmháil le Seán Fennell: sfennell419@gaelscoilnabhfal.belfast.ni.sch.uk.
Áiseanna Domhan Thart Orainn
Survey of Governance and Support Arrangements in Other Maintained Irish-Medium Schools 2026
Tá Coláiste Ollscoile an tStrutháin Mhilis ag déanamh taighde ar son Comhairle na Gaelscolaíochta; ar an ábhar "Examining Governance Challenges and Service Provision Gaps in Other-Maintained Irish-Medium Schools."
Stranmillis University College is conducting a research study on behalf of Comhairle na Gaelscolaíochta entitled "Examining Governance Challenges and Service Provision Gaps in Other-Maintained Irish-Medium Schools."
Dátaí don Dialann
Folúntais Earnála
Agus muid ag druidim le deireadh na bliana, leanfaidh Comhairle na Gaelscolaíochta ag obair le scoileanna agus le pobail ar fud an Tuaiscirt. I ndiaidh na Nollag, cuirfear tús leis na próisis iarratais do Mheán Fómhair 2027 agus beidh muid ag tacú le teaghlaigh gach céim den bhealach.
Léigh siar ar an bhlag is déanaí anseo.
As we approach the end of the year, Comhairle na Gaelscolaíochta will continue working closely with schools and communities across the North. Following the Christmas break, the application process for September 2027 places will begin, and we will be on hand to support families every step of the way.
Read our most recent blog here.

