Bealtaine 2026

Ball ón toscaireacht ón Iorua: Noregs Mållag

I rith na míosa seo caite, bhí Comhairle na Gaelscolaíochta an-ghnóthach ag cur chun cinn agus ag tacú le forbairt na Gaelscolaíochta ar fud an tuaiscirt. Ó imeachtaí gairmiúla go cruinnithe straitéiseacha agus abhcóideacht ar leibhéal ard, lean ár bhfoirne ar aghaidh ag obair go díograiseach ar mhaithe le leas na hearnála.

Foireann Oideachais

Bhí mí bheomhar ag an Fhoireann Oideachais agus iad ag neartú comhpháirtíochta agus ag plé ceisteanna tábhachtacha leis an earnáil. Reáchtáladh cruinniú páirtíochta leis an Fhoireann Tacaíochta Earnála ón Údarás Oideachais, áit ar pléadh bealaí le tacaíocht níos fearr a chur ar fáil dár scoileanna.

C-D: Eimear Nic Coitir, CnaG; Clare Donnelly, Príomhoide Scoil an Droichid; Orla Flanagan, Chomhairleoir don Ghaeloideachas ar Athchóiriú an Churaclaim, Roinn Oideachais; Christine Mhic Colaim, CnaG.

Leis sin, bhí an fhoireann i láthair ag sraith imeachtaí a bhain leis an tionscnamh TransformEd, ag forbairt a gcuid eolais ar nuálaíochtaí san oideachas agus ag cur leis an líonra gairmiúil ar fud na hearnála.

Bhí deis luachmhar ann chomh maith bualadh le grúpa príomhoidí Gaelscolaíochta i mBéal Feirste. Pléadh go hoscailte na dúshláin atá ag teacht chun cinn de dheasca an churaclaim úir, agus roinneadh tuairimí agus moltaí ar mhaithe le réiteach a aimsiú don todhchaí.

Bhuail an fhoireann oideachais le taighdeoirí ar na mallaibh ó Ollscoil Uladh agus Coláiste Ollscoile an tSrutháin Mhilis. Pléadh taighde atá ar na bacáin ar mheasúnú agus áiseanna Gaelscolaíochta. Coinnígí bhur súile amach fána choinne!

Foireann Forbartha

Lean an Fhoireann Fhorbartha lena gcuid oibre ar son leathnú agus daingniú na Gaelscolaíochta ar fud pobail éagsúla. Cuireadh comhairle agus cuidiú ar fáil do ghrúpaí ar an Iúr agus iad ag cur suirbhé éilimh Naíonra le chéile – céim thábhachtach le seirbhísí Gaeilge a leathnú sa cheantar sin.

D’fhreastail baill den fhoireann ar chruinniú de chuid an Area Planning Working Group (APWG) chomh maith le fó-ghrúpa a bhaineann le ceantar Skeoge i gCathair Dhoire, ag cinntiú go bhfuil riachtanais na Gaelscolaíochta san áireamh i bpleanáil straitéiseach na cathrach.

Reáchtáladh roinnt cruinnithe tábhachtacha eile freisin, ina measc:

  • Plé le foireann tionscnamh tógála Scoil an Droichid

  • Cruinniú i bpáirt le coiste Naíscoil & Gaelscoil an Phiarsaigh agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta leis an Rannóg Pleanála i gCathair Dhoire maidir leis an Top of the Hill Masterplan.

  • Idirbheartaíocht agus plé leanúnach ar fhorbairt na hiarbhunscolaíochta i dTír Eoghain agus i bhFear Manach

Is léir ón obair seo an tiomantas leanúnach atá ann le deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú agus a leathnú.

Top of the Hill Masterplan

Príomhfheidhmeannach (PF)

Bhí clár gnó gnóthach ag an Phríomhfheidhmeannach, Maria an mhí seo chomh maith:

  • Ghlac Maria páirt i gceiliúradh 25 bliain Ghaelscoil na Móna, ócáid a léirigh fás agus rath na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste.

  • Reáchtáladh cruinniú le hoifigigh shinsearacha CCMS chun plé a dhéanamh ar chomhoibriú leanúnach.

  • D’fhreastail Maria ar chruinniú de chuid Thaobh na Bainistíochta.

  • Bhí cruinniú ag Maria  le Fochoiste Ghaelscolaíocht Bhord an Údaráis Oideachais.

  • Agus muid ag tús na bliana airgeadais nua, tionóladh an chéad bhabhta de chruinnithe fhochoiste CnaG

C-D: Gerard Larking,(Leas-phríomhoide, Gaelscoil na Móna), Maria Thomasson (PF, Comahirle na Gaelscolaíochta), Cairean Uí Muireagáin (Príomhoide, Gaelscoil na Móna), Orla Flanagan (Cathaoirleach, Comhairle na Gaelscolaíochta)

Abhcóideacht

Lean an obair abhcóideachta ar aghaidh ar bhonn láidir sa mhí seo:

  • Bhí cruinniú tábhachtach againn le Rúnaí Buan na Roinne Oideachais, áit ar pléadh saincheisteanna maoinithe agus na dúshláin atá roimh an chóras oideachais.

  • Bhuail muid le Pat Sheehan CTR chun plé a dhéanamh ar Bhille Shinn Féin maidir le Fórsa Oibre d’earnáil na Gaelscolaíochta.

  • Chomh maith leis sin, bhí sé de phléisiúir againn cruinniú a óstáil le toscaireacht ón Iorua, Noregs Mållag, áit ar roinneadh taithí agus dea-chleachtais maidir le cothú agus cur chun cinn teangacha mionlaithe.

Ag Amharc Chun Cinn

Trí chomhpháirtíochtaí láidre, forbairt leanúnach agus abhcóideacht ghníomhach, tá todhchaí gheal á cothú againn uilig don chéad ghlúin eile.

Leanaimid ar aghaidh leis an dea-obair.

Previous
Previous

May 2026