Deireadh Fómhair 2026

Chuir mí Dheireadh Fómhair clár éagsúil agus gnóthach oibre os comhair Chomhairle na Gaelscolaíochta agus muid ag leanúint dár gcuid oibre ar son na hearnála ar fud an Tuaiscirt. Bhí fócas ar leith ar thacaíocht oideachais, ar fhorbairt sholáthair nua, ar chur chun cinn na Gaelscolaíochta agus ar chomhoibriú lenár gcomhpháirtithe san earnáil. Lean muid lenár n-obair abhcóideachta chun riachtanais na hearnála a chur chun cinn i gcomhthéacs na n-athruithe leanúnacha i gcúrsaí oideachais.

Foireann Oideachais

Bhí mí ghnóthach ag an Fhoireann Oideachais agus roinnt imeachtaí tábhachtacha ar siúl i rith na tréimhse.

Ar an 15 Deireadh Fómhair, reáchtáladh Fóram na bPríomhoidí, áit ar pléadh cúrsaí measúnaithe agus saincheisteanna eile a bhaineann le forbairt na hearnála. Mar chuid den lá, d'eagraigh taighdeoirí ó Choláiste an tSrutháin Mhilis fócasghrúpaí le príomhoidí chun na bearnaí atá le sonrú san earnáil a fhiosrú, go háirithe i gcomhthéacs easpa struchtúr bainistíochta agus fostaíochta lárnaí.

Ar an lá céanna bhí seoladh taighde nua ar mheasúnú, saothar a bheidh ina áis luachmhar abhcóideachta agus ina fhoinse fianaise agus an Chomhairle ag plé leis an Roinn Oideachais, leis an Údarás Oideachais agus le páirtithe leasmhara eile amach anseo.

D'fhreastail baill foirne freisin ar aonach gairmeacha ar an Ómaigh, áit ar labhair siad le daoine óga faoi na deiseanna gairme atá ar fáil in earnáil na Gaelscolaíochta. Bhí sé seo mar chuid dár n-iarrachtaí leanúnacha feasacht a mhéadú faoi na róil éagsúla atá riachtanach chun earnáil láidir, inmharthana a thógáil amach anseo.

Leanadh leis an  phlé leis an Roinn Oideachais maidir le  clár athchóirithe TransformED. Thug ionadaithe ón tionscnamh SEND Transformation de chuid an ÚO cuairt ar Scoil an Droichid chun riachtanais dhaltaí Ghaelscolaíochta a phlé agus a chinntiú go gcuirtear an Ghaelscolaíocht san áireamh i bpleanáil seirbhísí amach anseo.

Foireann Forbartha

Lean an Fhoireann Forbartha lena cuid oibre i rith na míosa, ag tacú le tionscadail nua agus le forbairt an tsoláthair atá ann cheana féin.

Bhí cruinniú dearfach ag an fhoireann le coiste Naíscoil an Bhearnais ar an 19 Deireadh Fómhair chun plean gnímh a chomhaontú agus na chéad chéimeanna eile don tionscadal a phleanáil.

Mar chuid d’fheachtas feasachta na Comhairle roimh thréimhse iarratais scoile sa bhliain úr, cuireadh tús le hobair le heagraíochtaí meáin áitiúla chun próifíl na Gaelscolaíochta agus na ndeiseanna atá ar fáil do theaghlaigh a ardú.

Lean teagmháil freisin le pobail atá ag iarraidh soláthar nua a fhorbairt.

Rinneadh dul chun cinn suntasach ar obair Ghrúpa Oibre Thír Eoghain agus Fhear Manach maidir le forbairt meánscolaíochta saorsheasaimh. Ceapadh Aspen Consultancy mar chomhairleoir tionscadail chun cuidiú leis an obair a thabhairt chun cinn, agus tá grúpa stiúrtha á bhunú chun maoirseacht a dhéanamh ar na chéad chéimeanna eile.

Bhí dul chun cinn dearfach le sonrú freisin i ndáil le Gaelscoil an Phiarsaigh i nDoire Trasna. Rachaidh Moladh Forbartha na scoile anois faoi bhreithniú  Choiste Straitéise agus Pleanála an Údaráis Oideachais, agus súil go mbogfaidh an tionscadal ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sna míonna romhainn.

I nGaelscoil na mBeann, leanadh leis an obair chun suíomh nua oiriúnach a aimsiú don scoil. Scrúdaíodh trí shuíomh fhéideartha i gcomhar leis an scoil, leis an Roinn Oideachais agus le páirtithe ábhartha eile.

Idir an dá linn, seachadadh pacáistí eolais mar chuid den obair leanúnach chun tacú le forbairt agus cur chun cinn na Gaelscolaíochta.

Abhcóideacht agus Polasaí

D’fhreastal baill foirne ar chruinnithe de chuid ghrúpa oibre agus grúpa stiúrtha Straitéis na Gaelscolaíochta i rith na míosa, i gcomhar le Roinn an Oideachais agus  páirtithe leasmhara eile. Cuireadh tús le ‘crann taca’ 4; is é sin, tacaíocht teaghlaigh agus pobail, cúrsaí óige san áireamh.

Tá comhairliúcháin tábhachtacha de chuid na Roinne Oideachais oscailte faoi láthair, a bhaineann le cúrsaí réamhscolaíochta agus iontráil scoile; tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: Consultations | Department of Education

Buíochas

Bhí áthas ar fhoireann na Comhairle fáilte a chur roimh dhalta ó Ardscoil Mhaolmhaodhóg a bhí linn ar thaithí oibre i rith na míosa. Fuair sí léargas ar réimsí éagsúla d'obair na heagraíochta agus chuir sí go mór leis an obair laethúil le linn a tréimhse linn. Gabhaimid ár mbuíochas léi as a cuid oibre agus guímid gach rath uirthi amach anseo.

Ag Amharc Chun Cinn

Agus muid ag druidim le deireadh na bliana, leanfaidh Comhairle na Gaelscolaíochta ag obair le scoileanna agus le pobail ar fud an Tuaiscirt. I ndiaidh na Nollag, cuirfear tús leis na próisis iarratais do Mheán Fómhair 2027 agus beidh muid ag tacú le teaghlaigh gach céim den bhealach.

Next
Next

October 2026