Oifigeach Feidhmiúcháin - Executive Officer
Teideal an Phoist: Oifigeach Feidhmiúcháin - Executive Officer
Cur síos ar an phost:
Freagrach do: Phríomhoide na Scoile
Freagrach as: Suas le cúigear ball foirne
Príomhchuspóir an Phoist:
Tá an tOifigeach Feidhmiúcháin freagrach as eagrú agus bainistiú oifig na scoile agus na foirne riaracháin. Soláthraíonn sé/sí tacaíocht riaracháin, cléireachais agus rúnaíochta don Phríomhoide, don fhoireann agus do Bhord na nGobharnóirí, ag cinntiú go mbíonn córais agus próisis na scoile á rith go héifeachtach agus go gairmiúil.
Príomhdhualgais:
Maoirseacht agus bainistiú a dhéanamh ar fhoireann ábhartha, lena n-áirítear dualgais a phleanáil agus a dháileadh agus tacaíocht agus oiliúint a chur ar fáil nuair is gá.
Tacaíocht riaracháin, cléireachais agus rúnaíochta a sholáthar don scoil agus do Bhord na nGobharnóirí.
Córais eolais láimhe agus ríomhairithe a bhainistiú agus taifid chruinne a choinneáil maidir le daltaí, foireann, airgeadas agus gníomhaíochtaí scoile.
Maoirseacht a dhéanamh ar sholáthairtí agus ar cheannach acmhainní, lena n-áirítear rialú stoc agus cothabháil trealaimh.
Airgead na scoile a phróiseáil agus taifid airgeadais a choinneáil de réir nósanna imeachta cuí.
Fáiltiú a chur roimh chuairteoirí, cumarsáid teileafóin agus ríomhphoist a bhainistiú, agus seirbhís rúnaíochta a chur ar fáil d’fhoireann na scoile.
Cruinnithe a eagrú agus a sheirbhísiú, miontuairiscí a ullmhú, agus faisnéis ábhartha a chur in iúl do thuismitheoirí, do dhaltaí, don fhoireann agus do ghníomhaireachtaí seachtracha.
Tá an tOifigeach Feidhmiúcháin lárnach i reáchtáil éifeachtach na scoile agus i gcothabháil caighdeán ard riaracháin, cumarsáide agus seirbhíse.
Spriocdháta d'iarratais: 23 Iúil 2026
Ainm an fhostóra: Gaelscoil Éanna
Leabhair Eolas: Íoslódáil - Download

