Feasachán mhí Bealtaine 2026
PF agus Cathaoirleach CnaG in Albain
CEO and Chair of CnaG in Scotland
Chuaigh Orla Flanagan, atá ceaptha ag an Roinn Oideachais mar Chomhairleoir don Ghaeloideachas ar Athchóiriú an Churaclaim agus Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach na Comhairle ar chuairt go Glaschú na hAlban ar na mallaibh le cúpla lá galánta i measc cleachtóirí Gaeilge na hAlban.
D’fhreastal Orla agus Maria ar dhá lá oiliúna/oibre ar dhearadh churaclaim i gcomhar le hionadaithe ó Foghlam Alba, cleachtóirí tumoideachais chomh maith le hionadaithe ó Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig agus ó Ollscoil Strathclyde.
Chuir an dá lá go mór leis an tuiscint a bhí ag an dá dhream ar obair agus ar chomhthéacs a chéile. Bhí neart le foghlaim óna chéile agus go leor le roinnt chomh maith. Bhí comhráite suimiúla, spreagúla ann faoi chúrsaí churaclaim, faoi sholáthar múinteoirí, faoi chúrsaí taighde, faoi áiseanna agus measúnú agus go leor eile.
Ba mhaith le hOrla agus le Maria buíochas ó chroí a ghabháil le foireann Foghlam Alba a d’eascaigh turas den scoth agus leis na cleachtóirí a chuir fáilte mhór rompu agus a roinn a gcuid taithí agus a gcuid saineolas go fial.
Ar scáth a chéile a mhaireann na ndaoine!
Orla Flanagan, Irish Medium Lead Advisor for Curriculum Reform, Department of Education and Maria Thomasson, Chief Executive of Comhairle na Gaelscolaíochta, recently travelled to Glasgow, Scotland, where they enjoyed a couple of lovely days among Scottish Gaelic practitioners.
Orla and Maria attended two training/working days on curriculum design in collaboration with representatives from Education Scotland, immersion education practitioners, as well as representatives from Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig and the University of Strathclyde.
The two days greatly enhanced both groups’ understanding of each other’s work and contexts. There was much to learn from one another and plenty to share as well. There were interesting, stimulating conversations about curriculum matters, teacher supply, research, resources, assessment, and much more.
Orla and Maria would like to express their heartfelt thanks to the Education Scotland team, who facilitated an excellent visit, and to the practitioners who warmly welcomed them and generously shared their experience and expertise.
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! People live and thrive through the shelter and support of one another.
ÁIS-EOLAS
Bailiúchán d’ailt churaclaim agus d’ailt níos ginearálta a chuideoidh leat taighde a dhéanamh ag gach leibhéal sa mheánscoil.
A mhúinteoirí iar-bhunscoile…
…ar fhiosraigh sibh www.aiseolas.comgo fóill? Má tá aon ábhair churaclaim deartha nó scríofa agaibh féin, thig linn eagar a chur orthu agus iad a fhoilsiú ar an suíomh, nó mír idirghníomhach a dhéanamh díobh go fiú!
Seo ailt ar bholcáin agus creathanna talún:
Banda 5
30 leabhar in ord leanúnach, lena leantar le teagasc céimnitheach na Gaeilge sa seomra ranga (rud atá mar bhunchloch leis an tsraith CLeite).
Sa bhanda seo, tá scéalta ficsin ann, mar aon le leabhair eolais ar thopaicí ar suim leis na daltaí iad agus atá oiriúnach don chreatchuraclam nua, fosta.
Spreagaigí bhur ndaltaí lena scileanna teanga a fhorbairt trí na leabhair tharraingteacha shuimiúla seo a léamh! Beidh na leabhair sa bhanda seo fóirsteanach do dhaltaí d’aois 9-11 (ag brath ar a gcumas léitheoireachta agus comhthéacs na scoile).
Dátaí don Dialann
Folúntais Earnála
Blag mhí Bealtaine
Ag deireadh na míosa gnóthaí seo, seo blaiseadh gairid den obair thábhachtach atá curtha i gcrích ag Comhairle na Gaelscolaíochta – idir cheannaireacht oideachais, forbairt pobail agus abhcóideacht ar ardleibhéal. Brúigh thíos le léamh faoi na príomhthionscnaimh agus an dul chun cinn atá á dhéanamh againn ar fud na hearnála.
As this busy month draws to a close, here’s a snapshot of the impactful work led by Comhairle na Gaelscolaíochta—from educational leadership to community development and high-level advocacy. Click below to explore our key initiatives in more detail and see how we are driving progress across the sector.

