Meán Fómhair 2026
Cuireadh tús le bliain úr scoile le clár gnóthach oibre ag Comhairle na Gaelscolaíochta i rith mhí Mheán Fómhair. Lean muid lenár gcuid oibre ar son na hearnála ar réimse leathan bealaí, idir obair straitéiseach, fhorbairt soláthair, thacaíocht oideachais agus abhcóideacht. Bhí béim ar leith ar chomhoibriú lenár gcomhpháirtithe, ar riachtanais na scoileanna agus na gcleachtóirí, agus ar na dúshláin agus na deiseanna atá roimh earnáil na Gaelscolaíochta sa bhliain atá romhainn.
Foireann Oideachais
Bhí tús gnóthach leis an scoilbhliain ag an Fhoireann Oideachais agus iad ag glacadh páirte i réimse cruinnithe agus imeachtaí a bhain le forbairt agus tacaíocht na Gaelscolaíochta.
Bhí obair ar Straitéis na Gaelscolaíochta go mór chun tosaigh i rith na míosa. D’fhreastail baill foirne ar chruinnithe den Ghrúpa Oibre um Straitéis na Gaelscolaíochta ar an 9 agus 14 Meán Fómhair. Mar chuid den obair seo, díríodh ar Chrann Taca 3 agus ar cheisteanna a bhaineann le foghlaim agus teagasc in earnáil na Gaelscolaíochta. Reáchtáladh cruinniú lae fosta inar tugadh cuireadh do chleachtóirí ón earnáil a dtaithí laethúil inár scoileanna a roinnt, rud a thug deis luachmhar riachtanais na hearnála a chur i láthair ó thaobh na gcleachtóirí féin de.
Lean an fhoireann lena rannpháirtíocht i bplé níos leithne ar chúrsaí oideachais chomh maith. D’fhreastail siad ar sheisiún oiliúna maidir le cearta dlíthiúla páistí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, SEND Legal Rights Training: Navigating a System in Transition, chomh maith le seisiún faisnéise maidir le Curaclam Thuaisceart Éireann agus ar sheoladh an taighde ‘Exploring Academic Selection and Grammar Schools in NI’ in Ollscoil na Banríona ar an 17 Meán Fómhair.
D’fhreastail baill foirne ar Chomhdháil Fhóram na nÓg in Hill of the O’Neill and Ranfurly House i nDún Geanainn, lá suntasach agus stairiúil a bhí ann agus é mar an chéad chomhdháil a eagraíodh don earnáil óige Ghaeilge. Thug na himeachtaí seo tuilleadh deiseanna don fhoireann ceangal a dhéanamh le comhpháirtithe agus le daoine óga agus cur le comhoibriú ar fud na hearnála Gaeilge agus oideachais.
Foireann Forbartha
Lean an Fhoireann Forbartha lena cuid oibre ar fud na hearnála i rith mhí Mheán Fómhair, ag tacú le forbairt an tsoláthair agus ag obair go dlúth le pobail agus le páirtithe leasmhara.
Ag tús na míosa, bhí cruinniú ag an fhoireann maidir le Naíscoil an Phiarsaigh, mar chuid den phróiseas PSEP. Bhuail ballfhoirne le príomhoide Ghaelscoil na mBeann faoin scoil a athlonnú toisc suíomh reatha na scoile a bheith róbheag agus daonra na scoile ag dul i méad bliain i ndiaidh bliana. Rinneadh ionadaíocht ar son na hearnála ag cruinniú PSEP (Pre-school Education Programme) in Ionad Boird Aontroma.
Leanadh leis an obair forbartha i gceantair eile níos faide anonn sa mhí, le cruinniú i nDoire Trasna ar an 16 Meán Fómhair. D’fhoilsigh an tÚdarás Oideachais Moladh Forbartha ar an Luan 28 Meán Fómhair le Gaelscoil an Phiarsaigh a chur ar bun i nDoire Trasna, Cathair Dhoire. Bhuail ball foirne le hAiltirí ArdMackel agus le muintir Gaelscoil an Phiarsaigh faoi mar a chuirfear cóiríocht ar fáil do dhaltaí Rang a 1 Mheán Fómhair 2027. Is cuid thábhachtach den obair leanúnach seo an teagmháil dhíreach le pobail agus le páirtithe áitiúla agus muid ag iarraidh deiseanna forbartha don Ghaelscolaíocht a aithint agus tacú leo.
Naíscoil an Bhearnais, Cor-fhuinseoige.
Tá Comhairle na Gaelscolaíocht ag plé go leanúnach le mhuintir Chor-fhuinseoige faoi sholáthar nua a chur ar bun. Cinntíodh urraíocht ó chomhlacht príobháideach áitiúil agus ónár gcomhghleacaí Iontaobhas na Gaelscolaíochta leis an tionscadáil seo a fhorbairt. Tacaíonn CLG Thomáis Dhaibhís leis an tionscadáil fosta agus thug an chlub seomra dá gcuid don choiste bainistíochta naíscoile. Tá foirm iarratais curtha isteach do scéim infheistíochta réamhscolaíochta Fhoras na Gaeilge leis na costais reatha a sheasadh.
Lean oifigigh na foirne ag obair le Grúpa Oibre Thír Eoghain agus Fhear Manach, maidir le soláthar Meánscolaíochta saorsheasaimh a chur ar bun sna contaetha sin. Chuir muid páipéir faisnéise le chéile agus bhuail le polaiteoirí agus scarshealbhóirí ábhartha eile, i rith ár n-iarrachtaí abhcóideachta. Tá an grúpa ag oibriú le comhairleoir a thabhairt isteach le haghaidh cás-staidéar cuimsitheach a chur i dtoll a chéile faoi láthair. Cuirfidh seo leis an phlean gnímh agus obair an ghrúpa agus muid ag tabhairt faoin tionscadal.
Foireann Polasaí agus Abhcóideachta
Bhí mí ghnóthach ag an Fhoireann Polasaí agus Abhcóideachta agus an Chomhairle ag leanúint de riachtanais na Gaelscolaíochta a chur chun cinn i gcomhráite le lucht déanta beartas, páirtithe polaitiúla agus comhpháirtithe eile san earnáil oideachais.
Ar an 12 Meán Fómhair, d’fhreastail Tarlach ar Chomhdháil an SDLP, áit a raibh deis aige labhairt le hionadaithe áitiúla faoi chuid de na príomhdhúshláin atá os comhair earnáil na Gaelscolaíochta. I measc na gceisteanna a pléadh bhí soláthar foirne, RSO agus cóiríocht, trí réimse a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo d’fhás agus d’inbhuanaitheacht na hearnála
Bhuail Tarlach le Pat Sheehan CTR chomh maith chun an Bhille a bhaineann le fórsa oibre earnáil na Gaelscolaíochta a phlé. Lean an teagmháil seo leis an obair abhcóideachta atá déanta ag an Chomhairle maidir leis an cheist seo agus leis an ghá atá le pleanáil fhadtéarmach don lucht saothair san earnáil.
D’fhreastail Tarlach ar chruinniú den Area Planning Working Group (APWG), chomh maith le cruinniú de chuid na Roinne Oideachais maidir le ráchairt san earnáil imeasctha. Bhí cruinniú páirtíochta ann fosta le Foireann Tacaíochta Earnála an Údaráis Oideachais ar an 21 Meán Fómhair, rud a thug deis leanúint den chomhoibriú agus den phlé maidir leis an tacaíocht atá de dhíth ar earnáil na Gaelscolaíochta.
Mar chuid den tacaíocht sin don earnáil, chuir Tarlach fáilte roimh phríomhoidí úra in earnáil na Gaelscolaíochta ag cruinniú lae in Ionad Boird Aontroma. Ba dheis thábhachtach í seo chun fáilte a chur roimh na ceannairí úra agus teagmháil a dhéanamh leo agus iad ag tabhairt faoi ról úr i saol na Gaelscolaíochta.
Ag Amharc Chun Cinn
Agus an chéad mhí den scoilbhliain curtha dínn, leanfaidh Comhairle na Gaelscolaíochta den obair i gcomhar lenár scoileanna, ár bpobail agus ár gcomhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an earnáil agus chun leas a bhaint as na deiseanna atá romhainn.
Gabhaimid buíochas le foirne na scoileanna, le príomhoidí, le múinteoirí, le cúntóirí, le tuismitheoirí agus leis na páirtithe uilig a bhíonn ag obair linn ar son na Gaelscolaíochta. Tá muid ag súil le bliain ghnóthach eile agus le leanúint den obair chun earnáil na Gaelscolaíochta a neartú agus a fhorbairt ar fud an tuaiscirt.

