Meitheamh 2026
I rith mhí an Mheithimh, lean Comhairle na Gaelscolaíochta lenár gcuid oibre ar son na hearnála ar gach leibhéal – ó fhorbairt agus pleanáil straitéiseach go tacaíocht oideachais agus abhcóideacht. Bhí an mhí lán le cruinnithe tábhachtacha, ceiliúradh ar éachtaí agus obair leanúnach chun todhchaí na Gaelscolaíochta a neartú ar fud an tuaiscirt.
Tacaíocht laidr earnála do Bhille Fórsa Oibre Shinn Féin
Léirigh réimse leathan páirtithe leasmhara a dtacaíocht don Bhille Gaelscolaíochta (Plean Fórsa Oibre) os comhair Choiste Oideachais an Tionóil le linn mhí an Mheithimh.
Ar an 27 Bealtaine, thug Diarmaid Ua Bruadair, Príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire, agus Mícheál Mac Giolla Ghunna, Príomhoide Choláiste Feirste, fianaise faoi na dúshláin earcaíochta agus faoin éileamh méadaitheach ar mhúinteoirí cáilithe.
Ar an 3 Meitheamh, thug Maria Thomasson(Príomhfheidhmeannach ChnaG) agus Christine Mhic Colaim (Oifigeach Sinsearach Oideachais) fianaise chuimsitheach faoi bhráid an choiste, ag maíomh go bhfuil géarghá le creat reachtúil chun pleanáil fhadtéarmach don lucht saothair a chinntiú. Leagadh béim ar ghanntanas múinteoirí, dúshláin earcaíochta agus coinneála, easpa bealaí sainaitheanta oiliúna don iar-bhunscolaíocht, ualach oibre iomarcach ar chleachtóirí agus an gá atá le saineolas tumoideachais a neadú ar fud an chórais oideachais. Chuir muid béim freisin ar an riachtanas atá le tacaíochtaí cuí SRO, foireann ionadaíochta, forbairt acmhainní agus samhaltú leanúnach riachtanas an lucht saothair.
Ar an 17 Meitheamh, leag Altram béim ar riachtanais shainiúla na luathbhlianta sa tumoideachas, agus iad os comhair an Choiste Oideachais. Ansin, ar an 24 Meitheamh, léirigh Pilib Mistéil, Príomhoide Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh, agus Tionól Óige Thuaisceart Éireann a dtacaíocht láidir don Bhille agus don fhís fhadtéarmach atá ann d’fhorbairt inbhuanaithe na Gaelscolaíochta.
Foireann Oideachais
Bhí mí ghnóthach ag an Fhoireann Oideachais agus iad ag obair le comhpháirtithe éagsúla chun tacaíocht a fheabhsú do dhaltaí agus do Ghaelscoileanna. Tháinig Fóram na bPríomhoidí le chéile ar líne, áit ar pléadh cúrsaí a bhaineann le TransformED agus le RSO. Chomh maith leis sin, thug comhghleacaithe ón Údarás Oideachais cur i láthair ar an uirlis mheasúnaithe MULLÁIL, rud a spreag plé fiúntach ar mheasúnú agus ar fhorbairt foghlama.
Le linn na míosa, thóg an fhoireann toscaireacht ón Roinn Oideachais agus ón Údarás Oideachais ar chuairteanna scoile chun léargas praiticiúil a thabhairt dóibh ar chur i bhfeidhm RSO i gcomhthéacs na Gaelscolaíochta. Thug Foireann RSO ón Údarás Oideachais cuairt ar Bhunscoil Phobail Feirste agus ar Choláiste Feirste, agus thug oifigigh na Roinne Oideachais cuairt ar Scoil an Droichid agus ar Choláiste Feirste chun tacaíocht do dhaltaí a phlé.
D’fhreastail an fhoireann freisin ar chruinniú den Ghrúpa Oibre um Straitéis na Gaelscolaíochta, áit ar pléadh forbairt áiseanna agus riachtanais na hearnála amach anseo.
Foireann Forbartha
Lean an Fhoireann Forbartha lena cuid oibre chun soláthar Gaelscolaíochta a leathnú agus a neartú. Reáchtáladh cruinniú cóiríochta i gcomhpháirtíocht le hIontaobhas na Gaelscolaíochta agus leis an Roinn Oideachais, agus d’fhreastail baill den fhoireann ar chruinniú PEG i mBaile Aontroma, áit ar pléadh saincheisteanna a bhain le soláthar réamhscolaíochta.
Bhí obair forbairt earnála ar siúl ar an Iúr freisin. Dhear an fhoireann agus coiste na naíscoile suirbhé éilimh cuimsitheach agus rinne siad comhordú ar na bealaí cuí lena chur i bhfeidhm. Ar a bharr sin, bhuail an Fhoireann Forbartha le foireann tionscnaimh na naíscoile, i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge, chun obair a chur chun cinn sa cheantar.
Ar leibhéal straitéiseach, cuireadh le chéile agus aontaíodh Téarmaí Tagartha do ghrúpa úr oibre a bheidh ag díriú ar fhorbairt soláthair nua iar-bhunscolaíochta i dTír Eoghain agus i bhFear Manach – céim thábhachtach i bpleanáil fhadtéarmach na hearnála.
Foireann Polasaí agus Abhcóideachta
D’fhreastail Tarlach ar roinnt chruinnithe i rith na míosa, lena n-airítear cruinniú le CCMS agus ionadaithe Ghaeloideachas Chontae Dhoire; cruinniú le hIontaobhas na Gaelscolaíochta agus Roinn an Oideachais le cóiríocht san earnáil a phlé agus cruinniú d’Fhóram na bPríomhoidí.
Leis sin, ullmhaíodh aighneacht ar chomhairliúchán na Roinne Oideachais ar FGL (TPL) agus coimisiúnadh tionscnamh taighde ar shamhlacha bainistíochta agus tacaíochta d’earnáil na Gaelscolaíochta.
Príomhfheidhmeannach (PF)
Bhí clár thar a bheith gnóthach ag an Phríomhfheidhmeannach, Maria, i rith na míosa. Bhí sí i láthair ag bronnadh duaiseanna Choláiste Ollscoile Naomh Muire, áit ar bhronn sí gradaim ar mhic léinn a bhain barr feabhais amach ina gcuid staidéir. Comhghairdeas le hAine Kerlin, Grian Ní Dhaimhín agus Áine Ní Reannacháin as a n-éachtaí, agus cuirimid fáilte mhór roimh na múinteoirí uilig atá ag teacht isteach in earnáil na Gaelscolaíochta.
Tionóladh cruinniú deireadh bliana de Bhord Chomhairle na Gaelscolaíochta freisin. Rinneadh athbhreithniú ar obair na bliana agus pléadh na príomhthosaíochtaí a bheidh os comhair na hearnála sa bhliain atá romhainn.
Bhí Maria agus Christine os comhair Choiste Oideachais an Tionóil, áit ar pléadh saincheisteanna tábhachtacha san earnáil, go háirithe na himpleachtaí a bhaineann le soláthar agus earcaíocht foirne.
Bhí roinnt cruinnithe straitéiseacha eile ag Maria le linn na míosa, lena n-áirítear cruinniú le CCMS agus le Gaeloideachas Chontae Dhoire maidir le forbairt na Gaelscolaíochta i Machaire Rátha. D’fhreastail sí chomh maith ar chruinniú den IMSSG mar chuid d’obair Cholún 2 den Straitéis Gaelscolaíochta.
Ag Amharc Chun Cinn
Ba mhaith le Comhairle na Gaelscolaíochta buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a chuir le rath na Gaelscolaíochta i rith na bliana. Gabhaimid ár mbuíochas leis na múinteoirí, leis na cúntóirí ranga, leis na hoibrithe tacaíochta, leis na príomhoidí agus le foirne uile na scoileanna as a ndíograis, a ngairmiúlacht agus a dtiomantas laethúil dár gcuid páistí. Gabhaimid buíochas fosta leis na tuismitheoirí agus leis na teaghlaigh a thug tacaíocht leanúnach don tumoideachas agus do shaol na scoile i gcaitheamh na bliana. Trína gcomhiarrachtaí uilig, tá an Ghaelscolaíocht ag fás agus ag dul ó neart go neart. Guímid samhradh sona suaimhneach ar gach duine agus muid ag súil leanúint den obair thábhachtach seo san fhómhar.

